Comhaltaí an Bhoird

Laura Brien

Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Laura Brien

Tá os cionn 25 bliain de thaithí ag Laura Brien i réimse an rialacháin thar roinnt tionscal, go háirithe san earnáil fuinnimh. Sular ceapadh ina Príomhfheidhmeannach í ar MARA, bhí Laura ina Príomhfheidhmeannach/Cláraitheoir ar an Údarás Árachas Sláinte.

Roimhe sin bhí sí ina Stiúrthóir ar an gCoimisiún um Rialáil Fóntas (CRF) (2014-2020), áit a raibh róil éagsúla aici a chlúdaíonn freagracht as Margaí Fuinnimh, Uisce agus Comhlíonadh. Bhí sí ina ball de Bhiúró an ECFE Líonra na Rialtóirí Eacnamaíochta. Bhí sí ina comhairleoir eacnamaíoch sinsearach do ComReg sula ndeachaigh sí isteach sa CRF, rialtóir teileachumarsáide na hÉireann, ó 2012 go 2014. .

Níos luaithe ina gairm bheatha d’oibrigh sí ag tabhairt comhairle do fhóntais, do rialtais agus do rialtóirí san earnáil fuinnimh sna SA, san Eoraip, san Áise, san Afraic agus sa Mheánoirthear. I measc na réimsí oibre bhí tabhairt isteach infheistíocht ón earnáil phríobháideach, forbairt tionscadal fuinnimh in-athnuaite, maoiniú agus rialáil.

Tá céim Tráchtála agus Dioplóma i Rialachas Corparáideach aici ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Éire agus M.Phil san Eacnamaíocht ó Ollscoil Oxford, RA.

Mark Mellett

An Cathaoirleach Mark Mellett

Ba é Leas-Aimiréal Mellett an t-oifigeach míleata is ardchéimiúla in Éirinn, an príomhchomhairleoir míleata ag bhí ag an Rialtas. Ba bhall é den Choiste Slándála Náisiúnta agus de Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh. Chaith sé sealanna ar dualgas mar Shainoifigeach Tumadóireachta Cabhlaigh, Ceannasaí Farraige agus san Afganastáin agus sa Liobáin fosta. Is é a bhí i gceannas ar an bhfreagairt mhíleata i gcoinne COVID-19. Tá dhá Bhonn Scothseirbhíse faighte aige, agus thar ceann Uachtarán Phoblacht na Fraince ceapadh é ina Cheannasaí ar Ord Náisiúnta Légion d’Honneur. Is é an Cathaoirleach Comhairle ar Institiúid Bainistíochta na hÉireann agus is comhalta boird é dá cuid chomh maith. Is é an Leaschathaoirleach ar Sage Advocacy agus is Ollamh Taca é in UCC. Le PhD aige i Rialachas Éiceachórais agus é ar dhuine de bhunaitheoirí ‘Green Compass’, cuireann sé comhairle straitéiseach ar fáil do rialtais, tionscail agus Eagraíochtaí Neamhrialtasacha i réimse an Chomhshaoil.

Niamh Kenny

Niamh Kenny

Is saineolaí tábhachtach í Niamh Kenny i réimse an fhuinnimh in-athnuaite. Chuir sí tús lena gairmré i bhforbairt pobail agus réigiúnach agus rinneadh Príomhoifigeach Feidhmiúcháin di den eagraíocht forbartha tuaithe Blackwater Resource Development nuair nach raibh sí ach 26. Bhí sí i dtús cadhnaíochta maidir le roinnt tionscnamh timpeallachta a fhorbairt agus í ag obair le Blackwater, coincheap an ‘éicea-shráidbhaile’ san áireamh, rud a d’fhorbair an comhlacht ina dhiaidh sin in éineacht le Comhairle Contae Chorcaí. Chuir sí an gnólacht sainchomhairleoireachta Exodea Consulting ar bun in 2004 agus le linn an ama sin chuir sí leis an ngné taighde agus nuálaíochta den ghnó agus thosaigh sí agus obair le heagraíochtaí agus comhlachtaí fuinnimh in-athnuaite. Chuaigh sí leis an bhforbróir fuinnimh in-athnuaite Éireannach DP Energy in 2012. Agus í ann fuair sé taithí ar gach gné d’fhorbairt tionscadal lena n-áirítear, forbairt láithreán úrnua, fáil tionscadal, comhfhiontair, réiteach coimhlinte, idirbheartaíochtaí conartha, oibriúchán dúnta conarthaí agus aistrithe sócmhainní a bhainistiú in Éirinn agus thar lear. Bhí Niamh i gceannas ar an bhfoireann a chuir punann fuinnimh gaoithe amach ó chósta 3GW le chéile i bPoblacht na hÉireann, rud atá á fhorbairt anois ag DP i gcomhpháirt le Iberdrola. á Niamh ag obair i láthair na huaire ar fhorbairtí fuinnimh in-athnuaite ar snámh amach ón gcósta i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain Bheag a bhféadfadh 2.4GW.d’acmhainneacht uasta a sholáthar.

Alma Walsh

Alma Walsh

Is comhairleoir Sinsearach le hAonad na mBeartas Náisiúnta, Réigiúnach agus Uirbeach de chuid na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta í Alma Walsh agus oibríonn sí go dlúth leis na Rannóga Soláthair Tithíochta, Reachtaíochta agus Rialachais go sonrach, i dtaca le beartas agus reachtaíocht pleanála a ullmhú, cur chun feidhme an Chreata Náisiúnta Pleanála agus dea-chleachtas pleanála a fhorbairt le haghaidh tionóil réigiúnacha agus údaráis áitiúla agus an Bord Pleanála. Sula ndeachaigh sí leis an Roinn, d’oibrigh Alma laistigh de chóras pleanála na nÚdarás Áitiúil agus i measc a cuid freagrachtaí ansin bhí treoirlínte pleanála réigiúnacha, pleananna forbartha agus pleananna ceantair áitiúil chomh maith le hobair tionscadalbhunaithe amhail pleanáil do bhonneagar glas, máistirphleanáil, agus pleanáil iompair. D’oibrigh sí roimhe seo leis an Údarás Réigiúnach Lár Tíre agus thosaigh sí a gairmré san earnáil phríobháideach. Lár Tíre agus thosaigh sí a gairmré san earnáil phríobháideach. Tá céim aici sa tSocheolaíocht le Polaitíocht agus Geografaíocht Dhaonna ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus tá Máistreacht aici i bPleanáil Réigiúnach agus Uirbeach ó UCD.

James Massey

James Massey

Is comhairle muirthimpeallachta é an Dr James Massey a bhfuil breis is 20 bliain de thaithí aige i bhforbairt mhuirí, agus i measúnacht agus i maolú tionchair. Oibríonn James le Rowan Engineering Consultants in Éirinn agus Ollscoil Eolaíochta agus Teicneolaíochta an Rí Abdulladh san Araib Shádach. D’oibrigh James i bhforbairt fuinnimh in-athnuaite ar chósta agus amach ó chósta, san earnáil ola agus gáis, i bpoirt agus cuanta, i bhforbairt cóstaí agus cosaint cóstaí, le huisce agus fuíolluisce, in astarraingt, tathagú agus cúlosmóis, bonneagar agus cumhacht agus teileachumarsáid. Thacaigh James leis an Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC) ar an straitéis náisiúnta iascaigh inbhuanaithe agus is comhairleoir saineolach neamhspleách é don Bhord Achomhairc um Cheadúnais Dobharshaothraithe. Tá taithí ag James ar bheartas reachtaíochta agus measúnú timpeallachta Áirítear air seo, forbairt agus chur chun feidhme mheasúnacht na nUiscí Trasdultacha agus Cósta de chuid na Treorach Réime Uisce don MSC agus cur chun feidhme na Treorach Sliogéisc, cur chun feidhme náisiúnta na Treorach um Straitéis Mhuirí, lenar áiríodh Atlas Mhuirí na hÉireann, agus na cuspóirí Dea-Stádais Comhshaoil (DSC). In éineacht leis sin, rinne James bainistíocht ar thuairisciú Natura 2000 agus ar leagan síos na gcuspóirí caomhantais do láithreáin mhuirí agus chósta agus é faoi chonradh ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, agus chuir sé treoraíocht ar fáil do thionscail agus rialaitheoirí in Éirinn, An Ríocht Aontaithe, an AE lena n-áirítear treoirlínte maidir le measúnú tionchair mhuirí ar Choiréal Fuaruisce na hÉireann agus cur chun feidhme na treorach maidir le torann faoi uisce. Is comhalta é James de chuid na hInstitiúide um Eolaíochtaí Comhshaoil (IEC), is ball é d’Innealtóirí Éirinn (IE) agus bhí sé ina ionadaí ag Éirinn sa Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara, Ardstiúrthóireacht an Aontais Eorpaigh agus i ngrúpaí oibre agus tionscadail in INTERREG do Limistéar an Atlantaigh.

Karen Banks

Karen Banks

Sular éirigh sí as sa bhliain 2021, ba í Karen Banks an Leas-Stiúrthóir ar Sheirbhís Dlí an Choimisiúin Eorpaigh. I gcaitheamh a gairmré, d’oibrigh sí i réimsí éagsúla amhail an dlí iomaíochta, an dlí sóisialta, dlí na maoine intleachtúla, an dlí talmhaíochta agus iascach, agus ar ghnéithe caidrimh sheachtraigh de chuid dhlí an Aontais Eorpaigh. Cé gur chaith sí an chuid is mó dá gairmré sa tSeirbhís Dlí le linn a hama sa Choimisiún, chaith sí trí bliana freisin i gComh-Aireacht an Choimisinéara Flynn a raibh freagracht air as Gnóthaí Sóisialta. Thosaigh Karen a céad chéim dlí i mBaile Átha Cliath in 1978 (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath) agus céim Mháistreachta in 1982 in London University (London School of Economics). Chaith sé tamall gairid ag obair mar aturnae i gcleachtadh ginearálta, sula ndeachaigh sí leis an gCoimisiún. I láthair na huaire, is Ollamh Cuartaíochta i gCleachtas í Karen ag an LSE agus is ise an Leasuachtarán ar an Lárionad Éireannach don Dlí Eorpach.

Patrick Gibbons

Patrick Gibbons

Thosaigh Patrick a shaol oibre le Comhairle Contae Dhún na nGall in 1989 is cháiligh sé mar aturnae sa bhliain 1996. Tá breis is 25 bliain caite aige i dtionscal na seirbhísí airgeadais – mar bhainisteoir/stiúrthóir comhlíontachta agus mar aturnae ar feadh 15 bhliana sular oibrigh sé mar Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin Neamhspleách lánaimseartha (SNN) ó 2011. Chomh maith le bheith ina chomhalta ar raon leathan bord seirbhísí airgeadais, tá taithí láidir ag Patrick ar bhoird san earnáil Phoiblí. Áirítear air seo, an t-am a chaith sé ar bhord an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála, bord Iascaigh Intíre Éireann, agus bord Ghníomhaireacht na Lochanna, an comhlacht feidhmithe trasteorann. Roinneann sé a thaithí shuntasach ar athrú gnó, ceannaireacht straitéiseach, agus rialachas corparáideach leis an mbord, lena n-áirítear bainistíocht riosca, comhlíontacht agus rialachán.

Paul O'Neill

Paul O’Neill

Is Príomhoifigeach é Paul sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, mar a bhfuil sé i gceannas ar an Rannóg Comhairliúcháin Pleanála. Tá sé de fhreagracht air comhairle a chur ar fáil chun Príomhchuspóirí Straitéiseacha RCAC a bhaint amach agus a chur chun cinn tríd an gcóras pleanála agus as dea-chleachtas a dheimhniú i gceapadh beartais na Roinne i dtaca le pleanáil. Roimhe sin, d’oibrigh sé leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta is bhí sé mar bhall den fhoireann a d’fhorbair an tAcht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, chomh maith le róil eile i soláthar tithíochta Tá taithí fhorleathan ag Paul i gcleachtas pleanála, agus nuair a bhí sé ag obair san earnáil phoiblí, bhí sé i gceannas ar fhoirne pleanála agus timpeallachta ar raon leathan tionscadal suntasach príobháideach agus poiblí agus pleananna suntasacha príobháideacha agus poiblí. Tá BA(Mod) aige in Eolaíochtaí Nádúrtha (Tíreolaíocht) ó Choláiste na Tríonóide agus Céim Mháistreachta aige i bPleanáil Réigiúnach agus Uirbeach ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Philip Daly

Is é Philip Daly an Príomhpháirtí san Aonad Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha de chuid LK Shields Solicitors LLP. Is dlíodóir tráchtála é a bhfuil taithí shuntasach agus aird ar leith aige ar an margadh fuinnimh. Tugann Philip comhairle do roinnt comhlachtaí móra le rá san earnáil fuinnimh i dtaca lena riachtanais dhlíthiúla agus rialaitheacha ar fad, lena n-áirítear tionscnóirí feirmeacha gaoithe ar chósta agus amach ó chósta chomh maith le tionscnóirí feirmeacha gréine, oibreoirí cumhachta agus teasa in éineacht agus oibreoirí stáisiún cumhachta, comhlachtaí trádála fuinnimh, caipitlithe fiontair agus roinnt mhaith comhlachtaí suntasacha sna hearnálacha ola, mianraí agus fuinnimh.

Ruth Brennan

Ruth Brennan

Eolaí Sóisialta Muirí is ea an Dr Ruth Brennan chomh maith le comhairleoir beartais agus saineolaí comhtháthaithe le haird ar leith ar rialachas timpeallachta agus taighde trasdisciplíneach. Tá an-chuid taithí aici mar éascaitheoir agus cumarsáidí mar gheall ar a taighde agus mar gheall ar an bpost aturnae a bhí aici i ndlíghnólacht mór idirnáisiúnta i Londain agus i bPáras. Áirítear ar a réimsí spéise taighde, rialachas timpeallachta ar raon leathan scálaí, le haird ar chaidreamh sochthimpeallachta, luachanna soch-chultúrtha, córais sochéiceolaíochta agus ceartas sóisialta. Tugann a cuid taighde léargas dúinn ar na bealaí ina samhlaíonn úsáideoirí, bainisteoirí agus idirbhearta idir an duine agus an timpeallacht spásanna muirí agus cósta agus conas a bhaineann sé seo le dúshláin rialachais i leith acmhainní nádúrtha agus cén tábhacht atá aige do rannpháirtíocht pobail. Ó 2008, d’oibrigh Ruth mar eolaí sóisialta ar eitneagrafaíocht pobal cósta agus ar an eadráin idir ealaín agus eolaíocht. Clúdaíonn a taithí taighde tionscadail náisiúnta agus Eorpacha agus tá a cuid taighde foilsithe go forleathan. D’oibrigh Ruth ag ollscoileanna in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe, sa Mheánoirthear agus d’oibrigh sí mar chomhairleoir saineolach do Rialtais na hÉireann agus na hAlban. Is Comhalta Taighde Cúnta í ag Ionad na Tríonóide do Dhaonnachtaí Timpeallachta agus Comhalta Sinsearach Taighde i Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Is comhairleoir beartais í do bhall Éireannach de Pharlaimint na hEorpa agus is saineolaí seachtrach í don Choimisiún Eorpach.

Patrick Moran

Is Príomhoifigeach é Patrick Moran sa Rannóg Aeráide den Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh an Phlean Forbartha Náisiúnta agus Athchóirithe. Sa ról sin, tá sé freagrach as monatóireacht agus maoirseacht a láidriú ar chaiteachas a bhaineann leis an aeráid agus tá sé i gceannas ar chur chun feidhme an bhuiséadaithe fheidhmíochtbhunaithe chun trédhearcacht agus cuntasacht i dtaca le caiteachas poiblí agus le seachadadh seirbhísí poiblí a fheabhsú Tá breis is 10 mbliana de thaithí ag Patrick ar úsáid na fianaise i gceapadh beartais, lena n-áirítear na blianta a chaith sé mar Anailísí Sinsearach san Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte agus mar Chomhalta Taighde Sinsearach san Eacnamaíocht Sláinte i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá PhD aige i Luacháil Eacnamaíochta ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Brendan McGrath

Is as Cluain Meala i gContae Thiobraid Árann ó dhúchas é Brendan McGrath, a bhí ina Phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe sa tréimhse Meitheamh 2013 go Meitheamh 2023. Sular chuir sé tús lena phost reatha bhí Brendan ina Stiúrthóir Seirbhíse i gComhairle Contae na Mí thar tréimhse 12 bliain sna réimsí Pobal & Fiontar, Forbairt Eacnamaíochta, Tithíocht, Iompar, Seirbhísí Uisce, Pleanáil, Comhshaol, Gníomhú ar son na hAeráide agus Caitheamh Aimsire, Taitneamhacht & Fóillíocht. In 2012, bhí sé ina Bhainisteoir Contae sealadach sa Mhí ar feadh 12 mhí, díreach sular ghlac sé lena phost i nGaillimh.

Le linn a ghairmréime ar feadh 47 bliain san údarás áitiúil, d’oibrigh Brendan chomh maith in iliomad post agus ról in údaráis áitiúla éagsúla, lena n-áirítear údaráis bhaile sa Mhí (3 bhabhta), Loch Garman, Ros Comáin, Contae na Gaillimhe agus Cill Dara. Tá céim M.A. ag Brendan ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. I measc na n-ábhar spéise eile atá aige tá gach cineál spóirt, léitheoireacht, ceol, pictiúrlann agus grianghrafadóireacht. Tá sé pósta le Rose le beagnach 40 bliain anuas, tá 3 leanaí agus 2 gharpháistí aige.