Beartas Príobháideachais
Suíomh Údarás Rialála Limistéir Mhuirí
Tá an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí (MARA) tiomanta do do phríobháideachas a chosaint agus do chearta faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018 agus faoi reachtaíocht eile is infheidhme maidir le cosaint sonraí a urramú.
Mínítear san Fhógra Príobháideachais seo an chaoi a bpróiseálann MARA sonraí pearsanta i ndáil leis an úsáid a bhaineann tú as suíomh gréasáin MARA agus nuair a dhéanann tú teagmháil linn tríd an suíomh gréasáin.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a bpróiseálann agus a gcosnaíonn MARA sonraí pearsanta i gcomhlíonadh a fheidhmeanna uile, lena n-áirítear do chearta agus conas iad a fheidhmiú, féach ár mBeartas um Chosaint Sonraí.
Cé muid
Is é MARA an rialaitheoir sonraí i leith sonraí pearsanta a phróiseáiltear i ndáil leis an suíomh gréasáin seo agus lenár seirbhísí gaolmhara.
Má tá aon cheist agat faoin gcaoi a bpróiseáiltear do shonraí pearsanta, is féidir leat dul i dteagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí:
An tOifigeach Cosanta Sonraí – Roisin Nolan
An tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí
Ríomhphost: maradataprotection@mara.gov.ie
Sonraí pearsants a bhailímid
Ag brath ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn tú lenár suíomh gréasáin, féadfaimid sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú dúinn go díreach a bhailiú, mar shampla, nuair a dhéanann tú an méid seo a leanas:
- teagmháil a dhéanamh le MARA nó fiosrúchán a chur isteach;
- foirm ar líne a chomhlánú nó aighneacht a dhéanamh; nó
- do chuid sonraí a sholáthar agus faisnéis nó seirbhísí á n-iarraidh agat.
Féadfaimid faisnéis theicniúil a bhailiú freisin faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh gréasáin, amhail do sheoladh IP, faisnéis faoi do bhrabhsálaí agus faoi do ghléas agus faisnéis faoin gcaoi a n-úsáideann tú ár suíomh gréasáin. Ní bhailímid ná ní úsáidimid ach na sonraí pearsanta is gá chun na críche ábhartha.
An chaoi a n-úsáidimid do shonraí pearsanta
Próiseálann MARA sonraí pearsanta chun críocha lena n-áirítear:
- faisnéis agus seirbhísí a sholáthar trínár suíomh gréasáin;
- freagra a thabhairt ar fhiosrúcháin agus ar chumarsáidí;
- foirmeacha agus aighneachtaí ar líne a riar;
- slándáil, feidhmiúlacht agus feidhmíocht ár suímh gréasáin a chothabháil;
- oibleagáidí dlíthiúla agus rialála a chomhlíonadh; agus
- feidhmeanna agus dualgais reachtúla MARA a chomhlíonadh.
Ag brath ar chineál agus ar chuspóir na próiseála, braitheann MARA ar an mbunús dleathach is infheidhme faoi Airteagal 6 den RGCS, lena n-áirítear i gcás inar gá an phróiseáil chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh nó chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil. Nuair is iomchuí, féadfaidh MARA brath freisin ar thoiliú nó ar bhunús dleathach eile dá bhforáiltear faoin dlí um chosaint sonraí.
Má phróiseálaimid sonraí pearsanta de chatagóir speisialta, cinnteoimid go mbeidh feidhm ag coinníoll iomchuí faoi Airteagal 9 den RGCS.
Do shonraí pearsanta a chomhroinnt
Nuair is gá agus nuair a cheadaítear faoin dlí é, féadfaidh MARA sonraí pearsanta a chomhroinnt le Ranna Rialtais, comhlachtaí poiblí, údaráis áitiúla, soláthraithe seirbhíse agus tríú páirtithe eile nuair is gá sin chun ár bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, seirbhísí a sholáthar nó ár n-oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh.
Éilíonn MARA ar sholáthraithe seirbhíse a phróiseálann sonraí pearsanta ar ár son na ceanglais is infheidhme maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh.
Má aistrítear sonraí pearsanta lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, cinnteoidh MARA go ndéanfar an t-aistriú i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí agus go mbeidh coimircí iomchuí i bhfeidhm.
An fad a choinnímid do shonraí pearsanta
Ní choinníonn MARA sonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá chun na gcríoch dá bpróiseáiltear iad agus i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla, rialála agus bainistíochta taifead is infheidhme.
Féadfaidh tréimhsí coinneála éagsúla a bheith i bhfeidhm ag brath ar chineál agus ar chuspóir na próiseála.
Do chearta maidir le cosaint sonraí
Ag brath ar na himthosca agus faoi réir díolúintí dlíthiúla is infheidhme, d’fhéadfadh cearta a bheith agat faoin dlí um chosaint sonraí, lena n-áirítear an ceart chun:
- rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta;
- sonraí pearsanta atá míchruinn nó neamhiomlán a cheartú;
- a iarraidh go scriosfaí do shonraí pearsanta;
- a iarraidh go gcuirfí srian leis an bpróiseáil;
- agóid a dhéanamh i gcoinne próiseáil áirithe; agus
- i gcás inarb infheidhme, do shonraí pearsanta a fháil i bhformáid iniompartha.
Tá tuilleadh eolais faoi do chearta agus faoin gcaoi ar féidir leat iad a fheidhmiú ar fáil inár mBeartas um Chosaint Sonraí.
Fianáin
Úsáideann ár suíomh gréasáin fianáin agus teicneolaíochtaí comhchosúla chun tacú lena fheidhmiú agus, nuair is infheidhme, chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-úsáidtear an suíomh gréasáin agus chun ár seirbhísí a fheabhsú.
I gcás ina bhfuil toiliú ag teastáil chun fianáin nó teicneolaíochtaí comhchosúla a úsáid, iarrfaimid do thoiliú sula n-úsáidfimid iad. Is féidir leat do shainroghanna fianán a bhainistiú nó a tharraingt siar trí na socruithe fianán atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na fianáin a úsáidtear ar an suíomh gréasáin seo, na críocha atá leo agus an chaoi ar féidir leat do shainroghanna a bhainistiú, féach ár mBeartas Fianán.
Cinnteoireacht uathoibrithe agus próifiliú
Ní úsáideann MARA sonraí pearsanta a bhailítear tríd an suíomh gréasáin seo le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe ná próifílithe a mbíonn éifeachtaí dlíthiúla nó éifeachtaí comhchosúla suntasacha mar thoradh orthu.
Gearáin
Má tá imní ort faoin gcaoi a bpróiseálann MARA do shonraí pearsanta, molaimid duit dul i dteagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí ar an gcéad dul síos.
Tá sé de cheart agat freisin gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí, údarás maoirseachta na hÉireann um chosaint sonraí.
Tuilleadh eolais
Tá tuilleadh eolais faoi chur chuige MARA maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear faisnéis faoi do chearta agus faoin gcaoi a ndéanann MARA sonraí pearsanta a bhainistiú agus a chosaint, ar fáil inár mBeartas um Chosaint Sonraí.
Má tá aon cheist agat faoin bhFógra Príobháideachais seo nó faoi phróiseáil do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí trí úsáid a bhaint as na sonraí thuas.
Doiciméid Uas-dátaithe: 31/08/2026