Toilte Limistéir Mhuirí
Bhunaigh an tAcht um Pleanáil Limistéir Mhuirí 2021 córas pleanála muirí ar a mbeidh córas nua ceadúnaithe agus bainistíochta forbartha ón líne bharr láin go dtí an teorainn sheachtrach de scairbh ilchríochach an Stáit, arna riar ag an gCoimisiún Pleanála, na húdaráis áitiúla cósta agus An tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí.
Tá Toiliú Limistéir Mhuirí de dhíth faoin Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí 2021 in Éirinn as cur faoi i gcuid den limistéar muirí faoi choinne cuspóirí áirithe. Is é an chéad chéim sa phróiseas nua pleanála é, ag ceadú an chirt cur faoi i limistéar faoi leith den mhuir agus de thóin na farraige faoi choinne cuspóir ar leith.
Cuspóir:
Is príomhchuid de chóras pleanála muirí iad Toilte Limistéir Mhuirí bunaithe ag an Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí 2021. Dearadh an córas nua le próiseas Toilte níos éifeachtaí d’fhorbróirí a éascú, agus bealach do fhorbróirí chuig an gcóras pleanála, trí iarratais ar Thoiliú Limistéir Mhuirí a mheas.
Cineálacha Gníomhaíochta a bhfuil gá le Toiliú Limistéir Mhuirí:
Úsáid ar bith nach féidir ceadúnas a thabhairt dó, atá díolmhaithe nó cosanta ag reachtaíocht eile, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta de:
- Fuinneamh in-athbhunaithe amach ón gcósta – Feirm gaoithe
- Fuinneamh in-athbhunaithe amach ón gcósta — Infreastruchtúr tacaíochtaí
- Port(nach fuinneamh in-athbhunaithe amach ón gcósta é
- Cáblaí
- Fuinneamh in-athnuaite (gan gaoth)
- Bonneagar Stáit
- Stóráil (gás/breosla)
- Fóntais
- Turasóireacht & Áineas
- Cosaint Cósta / Scéimeanna Cosanta Tuilte
Faoin Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí 2021, beidh iarratas ar Thoiliú Limistéir Mhuirí de dhíth nuair a bheidh an léas reatha urthrá caillte nó go mbeidh athrú ar bith le léas urthrá.
Nuair nach gá le Toiliú Limistéir Mhuirí:
- Maidir le cuain iascaigh, uisceshaothrú nó iascaireacht mara
- Tugtha faoi ar chuid den limistéar muirí atá faoi úinéireacht príobháideach
- Loingseoireacht nó iascaireacht
- Úsáid muirí ar bith a d’fhéadfadh a bheith faoi cheadúnas úsáide mhuirí
- Oibreacha maidir le tithe solais, córais loingseoireachta raidió (Coimisinéir Soilse na hÉireann) chun críocha nó, mar chuid de, áiseanna loingseoireachta a chur
- An taiscéalaíocht nó an obair ar pheitriliam nó athchóiriú an limistéir ina tharla a leithéid de taiscéalaíocht, nó obair ar, a leithéid de pheitriliam
- Úsáid muirí ar bith sonraithe i rialacháin.
Caidrimh i dtaca le cead pleanála:
Is é Toiliú Limistéir Mhuirí an bealach isteach sa chóras pleanála mar go bhfuil gá le Toiliú Limistéir Mhuirí sula ndéantar aon iarratais phleanála chuig an gCoimisiún Pleanála agus chuig na húdaráis áitiúla cois cósta.
Féadfar Toiliú Limistéir Mhuirí a dheonú tar éis measúnú a dhéanamh ar an iarratasóir agus ar an tionscadal beartaithe, agus ní féidir ach le sealbhóirí Thoiliú Limistéir Mhuirí iarratas a dhéanamh ar chead forbartha sa limistéar muirí. Soláthraíonn Toiliú Limistéir Mhuirí an ceart chun cuid den limistéar muirí a úsáid, ar choinníoll go n-aimseofar ceaduithe riachtanacha eile. Ní cead é Toiliú Limistéir Mhuirí le tabhairt faoi fhorbairt nó gníomhaíocht agus ní bhaineann sé oibleagáid dlíthiúil ar bith ón sealbhóir Thoiliú Limistéir Mhuirí a fháil le toiliú forbartha, cead forbartha, cead pleanála nó cead ar bith eile nó údarú atá de dhíth le forbairt ar bith ar an limistéar Thoiliú Limistéir Mhuirí nó cuid ar bith eile den limistéar muirí a dhéanamh.
Measúnú Thoiliú Limistéir Mhuirí:
Is é an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí an foras atá freagrach as meastóireacht a dhéanamh ar iarratais Thoiliú Limistéir Mhuirí.
Tugann Toiliú Limistéir Mhuirí ceart don sealbhóir Thoiliú Limistéir Mhuirí chun píosa áirithe den limistéar Muirí a úsáid ar son cuspóra áirithe (úsáid muirí). Tá forbairt faoi réir sa limistéar muirí ag measúnú cuimsitheach aonair comhshaoil ag an údarás pleanála ábhartha. Tarlaíonn rannpháirtíocht phoiblí i bhforbairt muirí (atá éigeantach le Toiliú Limistéir Mhuirí a bheith agat) ag céim an chead phleanála agus ní dhéanann an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí é.
Cineálacha Iarratas
- Roinn 75 (1) – nuair is gá le Toiliú Limistéir Mhuirí roimh cead forbartha a lorg
- Roinn 75 (4) – nuair is gá le Toiliú Limistéir Mhuirí i ndiaidh tugadh cead forbartha
- Roinn 76 – nuair is gá le Toiliú Limistéir Mhuirí gach chan cead forbartha
- Roinn 105 – soláthairtí idirthréimhseacha faoi choinne ceadanna cladaigh áirithe
- Roinn 106 – soláthairtí idirthréimhseacha faoi choinne úsáidí muirí áirithe neamhcheadaithe