Ár nObair
TOILIÚ LIMISTÉIR MHUIRÍ
Toiliú Limistéir Mhuirí – Measann agus eisíonn an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí cinntithe ar iarratais ar Toiliú Limistéir Mhuirí. Soláthraíonn Toiliú Limistéir Mhuirí an ceart chun cuid den limistéar muirí a úsáid, ar choinníoll go n-aimseofar ceaduithe riachtanacha eile. Tá an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí freagrach as measúnú ábhartha ceart an iarratasóra agus an tionscadal molta. Is tairseach an chóras pleanála é Toiliú Limistéir Mhuirí mar tá Toiliú Limistéir Mhuirí de dhíth sula féidir le hiarratas pleanála a bheith curtha chuig An Coimisiún Pleanála nó na húdaráis áitiúla cois farraige maidir leis an limistéar muirí. Tá an forbairt molta faoi réir ag measúnú cuimsitheach aonair comhshaoil ag an údarás pleanála ábhartha. D’fhéadfadh an Toiliú Limistéir Mhuirí a bheith faoi réir ag próiseas iomaíoch, bunaithe ar chritéir airgeadais nó neamh-airgeadais nó meascán den dá cheann.
CEADÚNAS ÚSÁIDE MUIRÍ
Tá an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí freagrach as úsáidí sonraithe muirí a cheadú faoi réir Chlár 7 den Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí. Ní féidir leis an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí Ceadúnas Úsáide Muirí a eisiúint nuair is gá le Measúnú Tionchar Timpeallachta. Nuair is gá le Measúnú Tionchar Timpeallachta, caithfear iarratas a chur isteach do Toiliú Limistéir Mhuirí. Tugann an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí faoi mheasúnú ábhartha scagtha ar gach iarratais do CHeadúnas Úsáide Muirí agus measúnú ábhartha nuair is gá.
COMHLÍONADH AGUS CUR I BHFEIDHM TOILTE LIMISTÉIR MHUIRÍ, CEADÚNAIS AGUS TOILTE FORBAIRTÍ AMACH ÓN GCÓSTA
Tá an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí freagrach as measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh coinníollacha CÚManna agus Toilte Limistéir Mhuirí agus ceadúnais forbairtí Toilte ag an gCoimisiún Pleanála. Is féidir leis an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí tabhair faoi fhiosrúcháin agus fógraí forfheidhmiú a eisiúint faoi choinne sáruithe na gcoinníollacha seo agus is féidir leo tarraing siar nó fionraíocht Toilte Limistéir Mhuirí nó Ceadúnas Úsáide Muirí a iarradh.
RIARACHÁN NA dTOILTE URTHRÁ
Tá an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí freagrach as riarachán údaraithe reatha eisithe faoin Acht Urthrá 1933. Cuireann an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí coinníollacha na dToilte seo i bhfeidhm agus bailíonn sé ioncam.
IMSCRÚDUITHE AGUS IONCHÚISIMH
Tá cumhachtaí forfheidhmiú ag an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí agus is féidir leo gníomh forfheidhmiú a ghlacadh in éadan sáraithe coinníollacha Toiliú Limistéir Mhuirí agus CeadúnaIs Úsáide Muirí, agus údaruithe eisithe faoin Acht Urthrá 1933 agus coinníollacha bainte le cead pleanála sa limistéar Muirí. Is féidir leis an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí ionchúisimh agus urghairí a ghlacadh faoi choinne sárú chead forbartha sa limistéar muirí. Tá cumhachtaí údaráis pleanála forfheidhmiú ag an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí don chuspóir seo.
COTHÚ AGUS CUR CHUN CINN COMHOIBRIÚ IDIR RIALÁLAITHE AN LIMISTÉIR MUIRÍ
Tá léargas ginearálta agus eolas ag an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí ar an limistéar iomlán muirí. Cuireann sé seo an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí mar phríomháisitheoir aidhmeanna Éireann dá áis muirí, chomh maith le bheith ag gníomhú mar chaomhnóir s’aige. Is spás comhroinnte é ár limistéar muirí ina bhfuil go leor tosaíochtaí agus leasanna iomaíocha. Chun deimhneacht rialála a chinntiú agus dúbláil gníomhaíochtaí a sheachaint, spreagfaidh an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí comhoibriú i measc rialtóirí muirí eile.