Oibríonn an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí an suíomh seo. Coinníonn an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí an suíomh seo le cur le rochtain phoiblí ar fhaisnéis faoinár gníomhaíochtaí agus beartais go ginearálta. Is é ár n-aidhm ná an fhaisnéis seo a choinneáil suas chun dáta agus cruinn.

Gan Ráthaíocht nó Freagracht

Cé go ndéantar gach iarracht le cinntiú go bhfuil ábhar an tsuímh seo cruinn, soláthraítear an suíomh “mar atá” agus ní dhéanann an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí ionadaíocht nó barántaí maidir le cruinneas nó iomláine na faisnéise a fhaightear air. Cé go soláthraítear ábhar an tsuímh seo le dea-mhéin, ní dhéanaimid barántas go gcoimeádfar an fhaisnéis suas chun dáta, go mbeidh sé fíor agus nach mbeidh sé mearbhlach, go mbeidh sé cruinn, nó go mbeidh an suíomh i gcónaí (nó riamh) ar fáil le húsáid.

Ní dhéanaimid barántas go mbeidh na freastalaí a dhéanann an suíomh seo ar fáil saor ó earráidí, víris, nó gan fabht agus glacann tú leis gur do dhualgas tú féin a chosaint i gcoinne bagairtí den chineál seo. Molaimid scanadh a dhéanamh ar aon chomhad sula íoslódálann tú iad. Níor chóir go nglactar rud ar bith ar an suíomh seo mar chomhairle gairmiúil nó mar mholadh foirmiúil agus eisímid gach ionadaíocht agus barántas a bhaineann le hábhar agus le húsáid an tsuímh seo.

Ní bheidh an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí freagrach i gcás ar bith as aon damáiste a ghabhann leis, indíreach, iarmhartach nó speisialta de chineál ar bith, nó aon damáiste ar bith, lena n-áirítear, gan teorainn, iad siúd a thagann as caillteanas brabúis, caillteanas conarthaí, dea-thoil, sonraí, faisnéis, ioncam, coigilteas a bhfuiltear ag súil leis nó caidrimh ghnó, is cuma má mholadh ar fhéidearthacht a leithéid de damáiste, a thagann chun cinn as nó a bhaineann le húsáid an tsuímh seo nó suíomh ar bith atá ceangailte.

Eisceachtaí

Ní fhágann nó ní theorannaíonn rud ar bith san fhógra séanta seo baránta ar bith chuir an dlí in iúl maidir le báis, caolaois, gortú pearsanta trí mhalairt aire, nó aon rud eile nach mbeadh sé dleathach don Údarás Rialála Limistéir Mhuirí é a chur as an áireamh

Ceadúnas an Suíomh seo a úsáid

Tríd an suíomh seo a úsáid, tá tú ag glacadh leis na heisceachtaí agus teorainneacha dliteanas atá luaite thuas agus glacann tú leo mar réasúnta. Ná húsáid an suíomh seo mura n-aontaíonn tú go bhfuil siad réasúnta.

Má aimsítear pointe ar bith san fhógra séanta nach féidir a chur i bhfeidhm faoin dlí infheidhme, ní imreoidh sé tionchar ar bith aige ar chur i bhfeidhm an chuid eile den fhógra séanta.

  • Tá ábhar ar an suíomh seo, lena n-áirítear téacs agus íomhánna, faoi chosaint dlí an chóipchirt agus is cóipcheart an Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí é mura luaitear taobh amuigh de sin. Ní féidir é a chóipeáil, a atáirgeadh, a athfhoilsiú, a íoslódáil, a phostáil, a chraoladh, ná a tharchur ar bhealach ar bith seachas do d’úsáid pearsanta, neamhthráchtála.
  • Ní mór cead scríofa roimh ré a fháil ón sealbhóir cóipchearta le haghaidh aon úsáid eile ábhair.
  • Ní féidir aon chuid den suíomh seo a thabhairt amach nó a chóipeáil le haghaidh aon chuspóir tráchtála nó airgeadh a dhéanamh as.
  • Tá gach cearta maoin intleachtúil maidir leis an suíomh seo coimeádta agus faoi úinéireacht an Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí.

Dlí agus Dlínse

Ba cheart an fógra séanta seo a thuiscint agus a rialú de réir dlí na hÉireann, agus d’fhéadfadh aon aighneas a bhaineann leis bheith faoi réir dlínse na gcúirteanna in Éirinn.

Athruithe

Coimeádaimid an ceart an fógra séanta seo a athbhreithniú agus a leasú ó am go ham agus meastar leagan athbhreithnithe ar bith a bheith infheidhme ón gcéad dáta foilsitheoireachta ar an suíomh seo.

Reachtaíocht

Tá dlíthe(idir phríomha agus thánaisteacha) faoi réir athrú, le leasú agus cealú san áireamh. Is é an t-aon fhreagracht d’úsáideoir ar bith den suíomh seo a chur ar an eolas faoi féin faoi staid reatha aon reachtaíochta. Tá naisc curtha ar fáil ag an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí chuig achtacháin áirithe ar an suíomh seo ach ní gheallann siad gurb é an leagan is déanaí é, ná go bhféadfaidh an reachtaíocht nasctha a bheith cealaithe nó athsholáthraithe. Ní liosta iomlán dlíthe uile é an reachtaíocht luaite ar an suíomh seo a rialaíonn an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí agus a ghníomhaíochtaí.

To top