Ginearálta

Is foras reachtúil agus rialtóir é an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí faoi réir an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil le ceanncheathrú lonnaithe i Loch Garman. Bunaíodh é ag Cuid 3 den Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí 2021 agus tá sé faoi réir shocruithe an Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, tá sé neamhspleách i bhfeidhmiú a fheidhmeanna.

Tá príomhról ag an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí sa chóras údaraithe agus comhlíonta nua atá níos éifeachtaí don limistéar Muirí (mar a shonraítear san Acht) agus tá a chuid feidhmeanna leagtha amach in alt 43 d’Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí

Leathnaíonn feidhme an Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí ón taoide lán de gnáth-thaoidí nó meán-thaoidí go dtí teorainn sheachtrach an scairbh ilchríochach, agus clúdaíonn sé an farraige agus na limistéir taoide i bhfarraigí intíre. Leagann Alt3 d’Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí amach cur i bhfeidhm an Achta.

Ceadanna

Is é urthrá na hÉireann an talamh agus grinneall na farraige idir an taoide lán de ghnáth nó meán-thaoidí (léirithe mar HWM ar léarscáileanna Shuirbhéireacht Ordanáis) agus an teorainn dhá mhíle déag (is ionann 12 mhuirmhíle timpeall 22.24 ciliméadar). Clúdaíonn urthrá limistéir taoide d’abhann, go háirithe inbhear.

Tabhair cuairt ar shuíomh an Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí agus féach Údaruithe reatha.

Limistéar Muirí na hÉireann

Leathnaíonn Limistéar Eacnamaíoch Eisiach na hÉireann ón 12 mhuirmhíle (timpeall 22.24km) go dtí timpeall 200 muirmhíle (370km) ó chósta na hÉireann in áiteanna, mar a léirítear i mbándearg ar an léarscáil seo de Limistéar Muirí na hÉireann. Tá smacht ag Éire ar acmhainní beo agus neamhbheo laistigh dá Limistéar Eacnamaíoch Eisiach.

Ceadúnas Úsáide Mhuirí

Leagann Sceideal 7 d’Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí amach na húsáidtí muirí ina bhfuil gá le Ceadúnas Úsáide Muirí.

Tá úsáid muirí leagtha amach i roinn 2 d’Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí mar:

ciallaíonn “úsáid muirí”, i dtaca le limistéar mhuirí, aon ghníomh, oibríocht, obair nó forbairt a dhéantar sa limistéar sin ar son cuspóir ar bith (caomhnú san áireamh), agus clúdaíonn sé—

(a)an tógáil nó an úsáid, nó an dá rud, d’aon bhonneagar sa limistéar sin a bhaineann le, nó a thacaíonn ar aon slí eile leis, an ghníomhaíocht, oibríocht, oibreacha nó forbairt, agus

(b) cothabháil a leithéid de bhonneagair mar sin,
agus ba chóir tagairtí san Acht seo do “úsáid muirí beartaithe” a léirmhíniú dá réir;

Soiléiríodh é i  gCiorclán MPO1/2025  ag Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil nach ndéantar machnamh le bheith san áireamh san iarratas de shainmhíniú an úsáide muirí ar ghníomhaíocht gur neamh-tráchtála é agus atá bunaithe ar dhuine aonair nó grúpa de dhaoine aonair gnáth-shásamh réasúnta den limistéar muirí, nó gníomhaíocht atá ar ghníomh breathnaitheach neamhghníomhach.

Comhlíonadh & Forfheidhmiú

Is féidir. Déan cinnte ar dtús gurb é faoi chúram an Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí dul i ngleic leis. Nuair a bhíonn sárú coinníll nó gníomhaíocht gan údarú, líon isteach an Fhoirm Ghearáin ar líne. Chomh maith agus is féidir, cuir fianaise den gníomhaíocht atá á mhaíomh san áireamh. Tá na sonraí go léir le fáil anseo.

  • Aithníonn an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí gearáin laistigh de 5 lá oibre.
  • Déanann an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí measúnú ar an bhfuil gearán laistigh dá gcúram agus déanfaidh siad teagmháil leat má theastaíonn tuilleadh eolais dóibh.
  • Nuair nach mbaineann an gearán le cúram an Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí, seoltar chuig an údarás ábhartha agus cuirfidh an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí thú ar an eolas faoin atreorú.

Buaint Feamainne agus an tAcht um Pleanáil Limistéir Mhuirí 2021

Is gníomhaireacht stáit measartha nua é An tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí, a bunaíodh i mí Iúil 2023 faoin Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí 2021. Mar chuid den obair s’aige, tá An tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí freagrach as ceadúnú agus as liosta gníomhaíochtaí a fhorfheidhmiú ina dhiaidh sin san Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí a éilíonn Ceadúnas um Úsáid Mhuirí. Baineann Gníomhaíocht 10 ar an liosta seo le buaint feamainne agus an fhoclaíocht seo a leanas in úsáid:

“10. Buaint, suaitheadh nó baint feamainne, cibé acu atá sí ag fás nó fréamhaithe ar ghrinneall na farraige, nó sil-leagtha nó tagtha i dtír mar gheall ar ghníomh ó cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas: (a) taoide; (b) gaotha; (c) tonnta”.

Ar an ábhar sin, tá Ceadúnas um Úsáid Mhuirí ag teastáil chun feamainn a bhuain, agus is ar An Údarás Rialála Limistéir Muirí atá an fhreagracht faoin Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí a chinntiú go ndeonaítear na ceadúnais sin, nuair is cuí.

Níl. Faoin Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, níl Ceadúnas um Úsáid Mhuirí ag teastáil ach amháin chun feamainn bhuain ón bhfiántas. Sa chás go molann duine feamainn a shaothrú, meastar gur dobharshaothrú é seo, agus tá ceadúnas dobharshaothraithe ag teastáil ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Beidh sé seo ag brath ar an gcuspóir atá leis an mbailiú feamainne. Ar bhonn Ciorclán MP01/2025 a d’eisigh an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil in 2025, measann An tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí nach gá le ceadúnas chun méideanna beaga feamainne a bhuain le haghaidh úsáid phearsanta agus ar bhonn neamhthráchtála. Mar shampla, ní bheadh ceadúnas ag teastáil chun méideanna beaga feamainne a bhailiú le húsáid i ngairdín tí, nó le haghaidh cócaireacht sa bhaile. Is dócha go mbeidh ceadúnas ón Údarás Rialála Limistéir Muirí ag teastáil d’aon úsáid eile, go háirithe chun críocha tráchtála. Áirítear leis na samplaí, ach níl siad teoranta d’fheamainn a bhailiú le díol ar aghaidh chuig próiseálaí, feamainn a bhailiú le húsáid i dtáirgí amhail coinnle nó cosmaidí, nó feamainn a bhailiú lena díol mar bhia nó mar chomhábhar.

Buainteoirí Reatha

Cuimsíonn an tAcht um Pleanáil Limistéir Mhuirí forálacha, ar a dtugtar ‘forálacha idirthréimhseacha’, a cheadaíonn iad siúd atá ag gabháil do bhuaint feamainne cheana féin, nó a bhfuil cearta buainte acu cheana, teacht faoin chóras ceadúnaithe nua faoin Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí.

Tá feidhm ag na ‘forálacha idirthréimhseacha’ sin sna cásanna seo a leanas:

  • Bhí an duine cuí gníomhach i mbuaint feamainne roimh Lúnasa 2021 ach nach bhfuil údarú aige/aici cheana féin, agus sa chás sin d’fhéadfadh sé/sí go mbeadh go dtí 31 Iúil 2028 aige/aici chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas ón tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí faoin Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, nó,
  • Tá údarú urthrá ag an duine cuí cheana féin, seachas ceadúnas ón Údarás Rialála Limistéir Mhuirí nó cearta príobháideacha atá ann cheana. D’fhéadfadh ceadúnas ón Údarás Rialála Limistéir Mhuirí a bheith ag teastáil agus d’fhéadfaí sonraí faoin údarú atá ann cheana nó faoi chearta líomhnaithe a iarraidh.

Tabhair faoi deara go bhféadfadh An tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí fianaise ar údarú urthrá reatha, cearta atá ann cheana, nó bailiú roimh Lúnasa 2021 a iarraidh agus é ag fiosrú ghníomhaíocht buainte a tuairiscíodh nó nuair a dhéantar iarratas.

Daoine atá ag beartú tús a chur le buaint feamainne:

Mura bhfuil tú i do bhuainteoir reatha mar atá leagtha amach thuas, d’fhéadfadh ceadúnas ón tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí a bheith ag teastáil uait sula dtosaíonn tú ar aon bhuaint feamainne nua. Ba cheart duit cuairt a thabhairt ar an rannán Iarratas ar Cheadúnas um Úsáid Mhuirí a Dhéanamh ar shuíomh gréasáin An Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí.

Tá, faoin Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, tá an ceanglas maidir le Ceadúnas um Úsáid Mhuirí ón Údarás Rialála Limistéir Mhuirí scartha ó aon chearta maoine a d’fhéadfadh a bheith agat.

Ní dheonóidh. Agus iarratas ar cheadúnas um úsáid mhuirí á mheas aige, iarrfaidh An tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí i gcónaí fianaise ar chearta maoine nó dearbhú ón iarratasóir nach bhfuil cearta eisiacha ag aon duine ná eintiteas eile ar an limistéar atá á lorg. Má thagann sé chun solais ina dhiaidh sin go bhfuil cearta eisiacha ag duine nó eintiteas eile ar limistéar ar deonaíodh ceadúnas ina leith, féadfar an ceadúnas sin a chúlghairm.

 

Ní thugann. Ní bhronnann Ceadúnas um Úsáid Mhuirí ceart eisiach maoine ná ní ghlacann sé áit na gcearta reatha, mar ní dhéanann sé ach ceart áitíochta a thabhairt ar chuid áirithe den limistéar muirí chun críocha úsáid mhuirí.

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh cearta maoine a bheith neamh-eisiach, agus cearta ag roinnt daoine nó eintiteas ar chuid den fheamainn i limistéar. Sna cásanna seo, is féidir ceadúnais a thabhairt d’iliomad sealbhóirí cearta.

Ar an mbealach céanna, d’fhéadfadh sé nach mbeadh aon chearta maoine ná cearta stairiúla ag roinnt limistéar de chósta na hÉireann. I gcásanna den sórt sin, féadfaidh An tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí ceadúnas a dheonú d’iliomad páirtithe chun feamainn a bhailiú, faoi réir coinníollacha áirithe.

Ní oibríonn ná ní choinníonn An tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí clár cearta maoine ar an urthrá. Sa chás go bhféadfadh cearta den sórt sin a bheith ann, spreagann An tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí sealbhóirí cearta lena chinntiú go bhfuil siad cláraithe le Tailte Éireann (ar a dtugtaí Údarás Clárúcháin Maoine na hÉireann roimhe seo).

Is féidir. Féadfaidh An tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí coinníollacha a chur le ceadúnas, agus d’fhéadfadh coinníollacha a bheith san áireamh chun an comhshaol a chosaint agus chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach na hacmhainne feamainne a chinntiú.

Ní féidir, ní bhaineann An tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí ach leis an ngníomhaíocht bhailithe feamainne atá faoi réir ceadúnais. Níl réimsí rialáilte eile amhail sábháilteacht bia nó sláinte ainmhithe laistigh de shainchúram An Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí.  Mar sin féin, mar chuid den phróiseas ceadúnaithe téann An tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí i gcomhairle le comhlachtaí poiblí eile agus féadfaidh sé a gcuid aighneachtaí a mheas agus cinneadh á dhéanamh faoi cé acu ar chóir ceadúnas a dheonú nó nár chóir.

Tá rannán ar shuíomh gréasáin An Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí inar féidir le ball den phobal imní a chur in iúl. Sula ndéanann tú teagmháil, ba cheart duit an fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar an suíomh gréasáin a mheas agus a bheith ar an eolas faoi na forálacha idirthréimhseacha a luaitear ag ceist 16 thuas.

Má tá tú ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar cheadúnas, is féidir leat cruinniú réamh-iarratais a shocrú le foireann An Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí. Is plé neamhreachtúil é cruinniú réamh-iarratais inar féidir le foireann An Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí cur síos a dhéanamh ar an bpróiseas iarratais agus ar an méid atá riachtanach chun iarratas a dhéanamh. Is féidir eolas faoin gcruinniú réamh-iarratais a fháil ar an rannán Ceadúnas um Úsáid Mhuirí de shuíomh gréasáin An Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí

Níor leag An tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí teorainneacha sainithe amach madir le fad an imeallbhoird a nglacfar le hiarratais ina leith. Mar sin féin, ba cheart d’iarratasóirí a chur san áireamh go bhfuil aon iarratas faoi réir measúnaithe comhshaoil agus éiceolaíochta, de réir reachtaíocht náisiúnta agus Eorpach atá i bhfeidhm faoi láthair. Ar ndóigh, beidh sé níos casta iarratais ar limistéir níos mó a mheas. Ar an mbonn sin, molann An tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí go ndéanfaí iarratais ar limistéir measartha scoite den chósta.

Chomh maith leis sin, mar atá leagtha amach i gCeist 18, cé gur féidir le haon duine nó eintiteas iarratas a dhéanamh ar cheadúnas, iarrfaidh An tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí mionsonraí faoi aon chearta maoine a d’fhéadfadh a bheith ann sna limistéir mhuirí/ceadúnais atá beartaithe agus éileoidh sé dearbhú go bhfuair sealbhóirí cearta maoine cead feamainn a bhuaint. Más rud é nach gcuirtear na mionsonraí seo ar fáil, nó má thagann sé chun solais ina dhiaidh sin nach bhfuarthas aon chead den sórt sin (fiú trí dhearmad), féadfar ceadúnas a dhiúltú nó a chúlghairm ina iomláine ina dhiaidh sin.

Ní féidir leis An Údarás Rialála Limistéir Mhuirí tréimhsí ama táscacha a le haghaidh cinntí maidir le hiarratais ar cheadúnais. Tá an próiseas faoi réir measúnaithe reachtúla de réir na gceanglas atá leagtha amach san Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí agus i reachtaíocht eile. Tá iarratais faoi réir comhairliúcháin le comhlachtaí poiblí agus d’fhéadfadh go mbeadh gá le rannpháirtíocht agus le comhairliúchán poiblí chomh maith. Féadfaidh cáilíocht agus iomláine na faisnéise a chuirtear ar fáil tionchar a imirt ar thréimhsí cinnteoireachta, mar aon le castacht an limistéir mhuirí ina ndéantar an t-iarratas.

Féadfaidh An tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí tosaíocht a dhéanamh freisin de roinnt iarratas ar cheadúnais i gcomhréir le tosaíochtaí earnálacha, beartais nó tionscadail náisiúnta.

Ní féidir. Ní mór don tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí taifead a dhéanamh ar shuíomh beacht gach ceadúnais a dheonaíonn sé, agus mar sin tá mapáil bheacht riachtanach. B’fhéidir go mbeifeá in ann comhairleoir innealtóireachta nó comhshaoil a fhostú a chabhróidh leat léarscáileanna a ullmhú de réir Threoir Theicniúil Mapála An Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí. Maidir le limistéir iarratais bheaga, tá treoirlínte ullmhaithe ag An tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí chun cabhrú leat léarscáileanna a ullmhú ag úsáid acmhainní atá ar fáil go poiblí agus ba cheart duit é seo a phlé ag cruinniú réamh-iarratais.

Níl faoi láthair. Tá An tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí tar éis measúnú a thosú le déanaí ar roinnt iarratas a bhaineann le buaint feamainne, agus nuair a chinnfear iad seo, foilseofar an ceadúnas, má dheonaítear é, ar shuíomh gréasáin An Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí; féach Iarratais agus Cinntí.

Ní féidir. Foilsítear gach iarratas a fhaigheann An tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí ar a shuíomh gréasáin (féach Iarratais agus Cinntí). Má chreideann tú go bhfuil codanna de d’iarratas íogair ó thaobh tráchtála de, ba cheart duit an fhaisnéis sin a chur i ndoiciméad ar leith le mionsonraí a bhfuil uimhir orthu agus ansin tagairt a dhéanamh d’uimhir na mionsonraí i d’iarratas. Bíodh a fhios agat, áfach, fiú nuair a léiríonn tú go bhfuil faisnéis ar leith íogair ó thaobh tráchtála de, go bhféadfadh An tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí a bheith faoi oibleagáid an fhaisnéis seo a scaoileadh i gcomhréir leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 (arna leasú) agus leis na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol.

Níl.

Cuirtear iarratais isteach ar gach cineál Úsáide Muirí, mar atá leagtha amach i Sceideal 7 den Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, faoi láthair agus an fhoirme chéanna in úsáid, atá ar fáil sa rannán Iarratas ar Cheadúnas um Úsáid Mhuirí a Dhéanamh de shuíomh gréasáin An Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí. Mar a luadh thuas, tá An tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí ag déanamh measúnú ar roinnt iarratas a bhaineann le buaint feamainne faoi láthair agus d’fhéadfadh sé, amach anseo, foirm iarratais ar leith d’fheamainn a thabhairt isteach bunaithe ar an taithí ó na measúnuithe seo.

To top