Saoráil Faisnéise
Déanann Saoráil Faisnéise tagairt de do cheart rochtain a fháil ar thaifid a choinníonn eagraíochtaí stáit. Tá sé seo leagtha amach i nAcht um Shaoráil Faisnéise 2014.
Tá an ceart agat iarradh ar an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí taifead ar bith fút féin agus taifid faoi fhaisnéis eile a chur ar fáil.
Ní gá duit cúis a thabhairt ar cén fáth a theastaíonn na taifid seo uait. De ghnáth, ní mór cinneadh a dhéanamh maidir le d’iarratas Saorála Faisnéise laistigh de 4 seachtaine (20 lá oibre). Féadfar an teorainn ama seo a mhéadú suas le 20 lá oibre, má bhaineann mar shampla, an t-iarratas, nó iarratais atá bainte leis, le líon ard taifead nach bhfuil comhlíonadh laistigh den tréimhse tosaigh 20 lá oibre indéanta.
Más mian leat smaoineamh ar iarratas faoi shaoráil faisnéise a dhéanamh agus ba mhaith leat tuilleadh eolais, nó mór duit dul i dteagmháil ag FOI@mara.gov.ie B’fhéidir go mbeadh an fhaisnéis a theastaíonn uait ar fáil cheana féin lasmuigh de FOI.
Cad is féidir liom iarraidh?
Is féidir taifid a choinníonn an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí a iarraidh. Is é is taifead ná taifead lena n-áirítear:
- páipéir
- meamram
- téacs nó doiciméad eile
- grianghraf, físeán nó taifead ar bith nó
- foirm ar bith ina bhfuil sonraí ann (cé acu ó lámh, meicniúil nó leictreonach) agus,
- rud ar bith a bhfuil mar chuid de, nó mar chóip de nó meascán de na thuasluaite.
Tagann na taifid seo a leanas laistigh de raon an Achta Shaoráil Faisnéise:
- gach taifid a bhaineann le sonraí pearsanta an duine atá a iarradh is cuma cathain a cruthaíodh iad
- gach taifid eile a cruthaíodh ó thús an Achta um Shaoráil Faisnéise (21 Aibreán, 1988)
- taifid ar bith atá riachtanach le tuiscint a fháil ar thaifead reatha fiú má cruthaíodh roimh 21 Aibreán 1998
Tá taifead áirithe díolmhaithe ó eisithe faoin Acht. I measc na bpríomh-dhíolúintí tá taifid a bhaineann leis an méid seo a leanas:
- na próisis machnamhacha an fhorais poiblí
- ábhair pharlaiminte agus cúirte
- Forfheidhmiú an dlí agus sábháilteacht phoiblí· slándáil, cosaint agus caidrimh idirnáisiúnta
- faisnéis rúnda atá íogair ó thaobh na tráchtála de
- faisnéis phearsanta (seachas faisnéis a bhaineann leis an duine a dhéanann an iarraidh)
Tabhair faoi deara gurb é beartas an Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí iarratais Shaoráil Faisnéise a fhoilsiú ar an suíomh seo.
An gcaithfidh mé íoc?
Níl aon táille ann chun iarratas a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Mar sin de, Féadfaidh roinnt táillí a íoc do riarachán agus athbhreithnithe. Faigh tuilleadh faoi tháillí anseo.
Cad é mar a dhéanaim iarraidh Shaoráil Faisnéise?
Is féidir leat d’iarratas a chur trí ríomhphost chuig FOI@mara.gov.
De rogha air sin, is féidir leat Foirm Iarratais Shaoráil Faisnéise a íoslódáil agus í a sheoladh chuig an nOifigeach Shaoráil Faisnéise trí r-phost ag: FOI@mara.giv.ie
Is féidir leat d’iarratas a chuir freisin trí Phost chuig:
Oifigeach um Saoráil Faisnéise Údarás Rialála Limistéir
Mhuirí, An
2ú Urlár, Teach
Menapia,
Páirc Ghnó Dhraighneach,
Draighneach,
Loch Garman,
Y35 RF29.
I d’iarratas Shaoráil Faisnéise, ba chóir duit:
- An tAcht um Shaoráil Faisnéise a luaigh
- an méid is mó faisnéise agus is féidir a thabhairt faoi na taifid a theastaíonn uait
- an dóigh gur fearr leat na taifid a fháil a shonrú (más cóipeanna leictreonacha, ar pháipéar srl)
Má shéanadh rochtain faisnéise orm, cad is féidir liom a dhéanamh?
Is féidir leat iarradh ar an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí athbhreithniú inmheánach a fháil ag oifigeach níos sinsearaí a chuirfidh tú ar an eolas faoi thoradh an athbhreithnithe laistigh de 3 seachtaine.
Mura bhfuil tú sásta le toradh an athbhreithnithe inmheánach, is féidir athbhreithniú a iarradh ag an gCoimisinéir Faisnéise.
Cá bhfaighidh mé tuilleadh faisnéise?
Leanann an MARA prionsabail na hoscailteachta, trédhearcachta agus freagrachta tríd an méid is mó faisnéise agus is féidir a fhoilsiú.
Is gá le hAlt 8 d’Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 go gcaithfidh forais Shaoráil Faisnéise an méid is mó faisnéise agus is féidir a ullmhú agus a fhoilsiú ar bhonn rialta ar bhealach oscailte agus inrochtanna lasmuigh de Shaoráil Faisnéise, ag tabhairt aire do phrionsabail oscailteachta, trédheachachta agus freagrachta mar a leagtha amach in Ailt 8(5) agus 11(3) den Acht. Déantar foráil leis seo d’fhoilsiú nó tabhairt taifead lasmuigh de Shaoráil Faisnéise ar an gcoinníoll nach bhfuil a leithéid d’fhoilsiú nó deonú rochtana toirmiscthe de réir dlí. Tá an fhaisnéis seo a leanas ar fáil ar shuíomh an Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí.
- Toiliú Limistéir Mhuirí – Foilseoidh MARA sonraí áirithe d’iarratais a fuarthas, is iad sin, uimhir tagartha, ainm agus seoladh an iarratasóra, suíomh na gníomhaíochta (léarscáil san áireamh), cuir síos na gníomhaíochta agus stádas an iarratais i Iarratais Faighte. A luaithe agus a socraítear, foilseoidh an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí fógra an chinntithe, an Toiliú Limistéir Mhuirí agus léarscáil de limistéir Thoiliú Limistéir Mhuirí, nuair a ceadaíodh i Iarratais Cinntithe.
- Do Cheadúnais Úsáide Mhuirí, nuair a fuarthas an t-iarratas, foilseofar an fhoirm iarratais agus léarscáil den áit shuímh. Nuair a dhéanann an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí scagadh faoi choinne measúnú cuí, foilsítear cinnte an scagtha chomh maith le cáipéisí tacaíochta a cuireadh isteach leis an iarratas. Nuair a scagadh iarratas faoi choinne measúnú cuí, foilsítear faisnéis a bhaineann leis an gComhairliúchán Poiblí. Nuair a dhéanann an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí cinneadh ceadúnais, foilsítear an ceadúnas le faisnéis measta ar bith eile i gcinneadh an iarratais.
Iarratais – An tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí – An Rialtóir Muirí
Mura féidir leat an fhaisnéis a theastaíonn uait a fháil anseo, b’fhéidir gur mhaith leat teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí le tuilleadh cabhair a fháil ar FOI@mara.gov.ie.