Cosaint Sonraí
- Réamhrá
- Raon agus Cuspóir
- Freagracht as an mbeartas seo
- Prionsabail chosanta sonraí
- Cearta na ndaoine aoine a bhailítear a sonraí
- Freagrachtaí an Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí
- Ag cinntiú beart teicniúla agus eagraíochtúla cuí
- Ag coinneáil taifid de phróiseáil sonraí
- Ag cur comhaontuithe cuí le tríú páirtí i bhfeidhm
- Ag cur comhaontuithe cuí le tríú páirtí i bhfeidhm
- Cosaint Sonraí trí dhearadh agus trí loiceadh
- Measúnuithe tionchair chosanta sonraí
- Sáraithe Shonraí Pearsanta
- Saoráil Faisnéise
- Rialachas
- Freagrachtaí an Oifigeach Cosanta Sonraí
- Freagrachtaí Foirne
- Iarratais Rochtain Ábhair
- Ceisteanna faoi Chosaint Sonraí
1. Réamhrá
Is gníomhaireacht neamhspleách stáit é, Údarás Rialála Limistéir Mhuirí, nó an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí. Tá feidhmeanna an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí leagtha amach san Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí 2021, arna leasú agus tá príomhpháirt aige sa chóras ábhartha chóirithe Toilte don limistéar Muirí, lean n-áirítear:
- ag teacht ar iarratais Thoilte Limistéir Mhuirí
- Ceadúnú mara a dheonú le haghaidh gníomhaíochtaí sonraithe;
- Comhlíonadh agus forfheidhmiú;
- Imscrúduithe agus ionchúisimh;
- Riar na punainne toilithe Imeall Trá;
- Comhoibriú a chothú agus a chur chun cinn idir rialtóirí an limistéir mhuirí.
Is foras é an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí faoi choimirce na Roinne de Roinn an Chomhshaoil, Aeráide agus Cumarsáidí agus tá sé lonnaithe i Loch Garman.
Tá an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí, a dhéantar go leor dá ghníomhaíochtaí ar bhonn comhoibritheach thar il-limistéir gnó, ina bhfuil an Bord, Oifig an POF, agus roinnt aonad oibre. Oibríonn an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí laistigh de líonra gníomhaireachtaí a bhaineann leis, údaráis áitiúla, Ranna Rialtais eile agus Forais poiblí le spriocanna an Rialtais a bhaint amach. Le roinnt tascanna atá riachtanach a chomhlíonadh i gcúrsa feidhmíochta ár bhfeidhmeanna, caithfidh an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí sonraí pearsanta áirithe a phróiseáil.
Ar mhaithe le príomhaidhmeanna an Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí, is féidir samplaí de phróiseáil sonraí pearsanta a bheith san áireamh ag iarratais do Toilte Limistéir Mhuirí agus ceadúnais inár ról mar údarás ceadaithe agus fiosrú mar ghníomhaireacht forfheidhmithe. Baineann samplaí eile dár ngníomhaíochtaí próiseála lenár ngíomhaíochtaí níos leithne a leithéid ár ról mar fhostóir nó maidir le ceapacháin ar Bhoird; sonraí a phróiseáil le íocaíochtaí a dhéanamh nó iniúchtaí a dhéanamh, cuir isteach ó chomhairliúcháin phoiblí a phróiseáil; sonraí teagmhála a phróiseáil i gcúrsa cumarsáide le réimse leathan páirtithe leasmhara; sonraí a phróiseáil i gcúrsa gnó na hOireachtas; iarratais Shaoráil Faisnéise agus Rochtana ar Fhaisnéis faoin gComhshaol agus fiosrúcháin ghinearálta, iarratais ar fhaisnéis nó gearáin ó chustaiméirí a phróiseáil; próiseáil a bhaineann le soláthar poiblí agus conarthaí le soláthróirí seirbhísí, srl.
Leagann an Beartas Chosaint Sonraí seo tiomantas an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí le cearta agus príobháideacht daoine aonair a chosaint agus tugann sé eolas ar an dóigh a chinntímid cloí le Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (RGCS) agus reachtaíocht chosanta sonraí na hÉireann.
2. Raon agus Cuspóir
- Ciallaíonn sonraí pearsanta aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha aitheanta nó inaitheanta (‘duine is ábhar do na sonraí’).
- Is é is duine nádúrtha inaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin.
- Ciallaíonn próiseáil aon oibríocht nó sraith oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna sonraí pearsanta, cibé acu trí mheán uathoibrithe nó nach ea, mar shampla bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, comhairliúchán, úsáid, nochtadh trí tharchur, scaipeadh nó ar dhóigh eile a chur ar fáil, ailíniú nó chomhcheangal, srianta, scriosadh nó díothú.
Ba chóir go léitear an beartas seo i gcomhar le beartais agus doiciméid ábhartha eile an Udáráis Rialála Limistéir Mhuirí. Féádfaidh an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí an beartas seo a fhorlíonadh nó a leasú le beartais agus treoirlínte breise ó am go ham.
3. Freagracht as an mbeartas seo
Tá Bord an Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí, an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin agus an fhoireann uile tiomanta do chomhlíonadh dhlíthe ábhartha an AE agus na hÉireann maidir le sonraí pearsanta, agus do chosaint chearta agus saoirsí daoine aonair a mbailíonn agus a phróiseálann an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí a gcuid faisnéise.
Tá freagracht ar Bhainisteoirí Sinsearacha a chinntiú go gcuirtear an beartas seo i bhfeidhm ina n-Aonaid Ghnó faoi seach. Tá freagracht ar bhainisteoirí ag gach leibhéal a thaispeáint go bhfuil an beartas seo á chur i bhfeidhm.
Tá freagracht ar gach ball foirne cloí le Beartas Cosanta Sonraí an Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí.
4. Prionsabail chosanta sonraí
Ní mór do gach próiseáil sonraí pearsanta a dhéanamh de réir na bprionsabal cosanta sonraí a shonraítear sa reachtaíocht ábhartha.
Tá beartais agus gnásanna an Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí deartha chun cinntiú go mbeidh sonraí pearsanta:
- próiseáilte de réir an dlí, go cothrom agus ar bhealach trédhearcach i ndáil leis an duine is ábhar do na sonraí (‘dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcach’);
- bailithe le gnásanna sonraithe, soiléire agus dleathach agus nach ndéantar próiseáil bhreise orthu ar bhealach nach gcomhlíonann na ngnásanna sin; ní mheasfar próiseáil bhreise faoi choinne gnásanna cartlainne i bhfabhar an phobail, gnásanna taighde eolaíoch nó stairiúil nó gnásanna staitistiúla, de réir Airteagal 89(1) den Rialachán, a bheith neamh-oiriúnach leis na gnásanna tosaigh (‘teorannú cuspóra’)
- sásúil, ábhartha agus teoranta don méid atá riachtanach maidir leis na cuspóirí ar a bpróiseáiltear iad (‘laghdú sonraí’);
- cruinn agus, más gá, coinnithe suas chun dáta; caithfear gach céim réasúnta a ghlacadh chun a chinntiú go scriostar nó ceartaítear ar shonraí pearsanta atá mícheart, ag cur san áireamh aidhmeanna ina bhfuil próiseáil déanta orthu gan mhoill (‘cruinneas’);
- coinníodh i bhfoirm a ligeann do shainaithint a dhéanamh ar dhuine is ábhar do na sonraí ar feadh tréimhse nach bhfuil níos faide ná is gá ina phróiseálfar na sonraí pearsanta; is féidir sonraí pearsanta a stóráil ar feadh tréimhsí níos faide i dtéarmaí a phróiseálfar na sonraí pearsanta ar mhaithe le haidhmeanna cartlann amháin i leas an phobail, cúiseanna taighde eolaíochta nó stairiúla nó cúiseanna staitistiúla de réir Airteagal 89(1) de Rialacháin, faoi réir cur i bhfeidhm na mbeart teicniúla agus eagraíochtúla chuí atá riachtanach de réir an Rialacháin le cosaint a dhéanamh ar chearta agus ar shaoirse an ábhair sonraí (‘teorainn stórála’);
- déanfar iad a phróiseáil ar bhealach a chinntíonn slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, lena n-áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scrios nó damáiste de thaisme, agus úsáid á baint as bearta iomchuí teicniúla nó eagraíochtúla (‘ionracas agus rúndacht’).
5. Cearta na ndaoine aoine a bhailítear a sonraí
Cuireann an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí beartais agus gnásanna cuí i bhfeidhm, agus éascaíonn sé traenáil agus tugann sé comhairle do bhaill foirne, le bheith cinnte go bhfuil cearta ag an duine is ábhar do na sonraí a fheidhmiú mar a leanas:
5.1 Ceart Rochtana
Cuireann an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí gnásanna i bhfeidhm a chinntíonn go n-aithnítear agus go gcomhlíontar iarratais ón duine is ábhar do na sonraí le rochtain a fháil ar a sonraí pearsanta de réir reachtaíocht cuí. Is féidir iarratais an duine is ábhar do na sonraí a bheith curtha isteach trí fhoirm mar a leagtha amach in Roinn 10.
5.2 An ceart chun coigeartú.
Tá an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí tiomanta do choinneáil sonraí cruinne faoi dhaoine is ábhar do na sonraí agus leanfaidh sé ar aghaidh ag cur i bhfeidhm próisis agus gnásanna le cinntiú gur féidir le daoine is ábhar do na sonraí a sonraí a athrú nuair a aithnítear roinnt eolas míchruinn.
5.3 An Ceart glanadh (ceart dearmad a dhéanamh air)
Tá ceart ag na daoine is ábhar do na sonraí glanadh a sonraí pearsanta a iarraidh i gcúinsí sonracha. Sa chás go bhfaightear a leithéid de agóid, beidh teacht ag an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí ar gach cás ar bhonn tuillteanais.
5.4 Ceart chun próiseáil a shrianadh
Cuireann an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí gnásanna cuí i bhfeidhm agus coimeádann sé iad le measúnú a dhéanamh ar an féidir le hiarratas an duine is ábhar do sonraí le srian a chur ar phróiseáil sonraí a chur i bhfeidhm. Nuair a dhéantar an t-iarratas le srian a chur ar phróiseáil, scríobhfaidh an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí chuig an duine is ábhar do sonraí le dearbhú go bhfuil an srian curtha i bhfeidhm agus cathain a chríochnóidh an srian.
5.5 An ceart chun iniomparthacht sonraí
Nuair a bhailigh an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí sonraí pearsanta ar an duine is ábhar do sonraí trí thoiliú nó trí chonradh ansin tá ceart ag an duine is ábhar do sonraí, sonraí a fháil i bhformáid leictreonach le tabhairt do rialtóir sonraí eile. Táthar ag súil leis go mbeidh an ceart seo i bhfeidhm ach ar líon beag duine is ábhar do sonraí.
5.6 Ceart Cuir in aghaidh
Tá ceart ag na daoine is ábhar do sonraí cuir in aghaidh próiseáil a sonraí pearsanta i gcúinsí sonrach. Sa chás go bhfaightear a leithéid de agóid, beidh teacht ag an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí ar gach cás ar bhonn tuillteanais.
5.7 Ceart gan a bheith faoi réir cinnteoireacht uathoibrithe
Tá ceart ag daoine is ábhar do sonraí gan a bheith faoi réir cinnte atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe amháin, sa chás go mbeadh tionchar dlíthiúil nó suntasach aige nó aici. Cuirfear na daoine is ábhair do sonraí ar an eolas nuair a chlúdaíonn gnéithe próiseála cinntí uathoibrithe nó próifíliú.
5.8 An Ceart chun gearán a dhéanamh
Cuireann an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí i bhfeidhm agus coinníonn sé próiseas gearáin ina féidir le daoine is ábhar do sonraí teagmháil a dhéanamh leis an nOifigeach Cosanta Sonraí. Is é ról an Oifigigh Cosanta Sonraí ná obair le daoine is ábhar do sonraí le gearán a chur i gcíoch sásúil don dá páirtí. Cuirfear daoine is ábhar do sonraí ar an eolas faoin gceart gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí.
6. Freagrachtaí an Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí
6.1 Ag cinntiú beart teicniúla agus eagraíochtúla cuí
Cuireann an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí bearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí i bhfeidhm le cinntiú slándáil shonraí pearsanta.
6.2 Ag coinneáil taifid de phróiseáil sonraí
Déanfaidh an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí taifead ar a ghníomhaíochtaí próiseála sonraí sa dóigh leagtha síos sa Rialachán. Athbhreithneoidh agus críochnóidh Lucht Ardbhainistíochta ar an taifead go bliantúil.
6.3 Ag cur comhaontuithe cuí le tríú páirtí i bhfeidhm
Cuirfidh an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí comhaontuithe cuí, meamram tuiscinte, comhaontuithe nó conarthaí déthaobach (“comhaontuithe” le chéile) i bhfeidhm le gach tríú páirtí lena roinneann sé sonraí pearsanta.
6.4 Aistriú sonraí pearsanta lasmuigh de Limistéir Eacnamaíochta an Aontas Eorpach
Ní aistríonn an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí sonraí pearsantana daoine is ábhar do na sonraí lasmuigh den Limistéar Eacnamaíoch Eorpach mura bhfuil leibhéal cosanta sásúil á chinntiú. Cuirfear ábhair sonraí ar an eolas i gcás go bhfuil aistrithe chuig tríú thír i bhfeidhm.
6.5 Cosaint Sonraí trí dhearadh agus trí loiceadh
Cuirfidh an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí bearta teicniúla agus eagraíochta i bhfeidhm, ag an gcéim is luaithe de dhearadh oibríochtaí próiseála, i ndóigh a chosnaíonn príobháideacht agus prionsabail chosanta sonraí díreach ón tús (‘cosaint sonraí de réir dearadh’). Cheal aon rogha eile, cinnteoidh an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí chomh maith go ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil leis an gcosaint phríobháideachta is airde ionas faoi cheal aon rogha eile nach mbeidh sonraí pearsanta curtha ar fáil do líon neamh-theoranta daoine (‘cosaint sonraí cheal aon rogha eile’).
6.6 Measúnuithe tionchair chosanta sonraí
Cuirfidh an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí gnásanna agus doiciméid i bhfeidhm ina ndéanfar gach cineál próiseála nua, go háirithe teicneolaíochtaí nua a úsáid, a chiallaíonn go bhfuil riosca ard ann do chearta agus saoirsí a dhuine is ábhar do sonraí, measúnú ar thionchar cosanta sonraí a dhéanamh. Mar chuid den phróiseas seo, roinnfear cóip den mheasúnú tionchair le hOifigeach Cosanta Sonraí an Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí.
Sa chás nach bhfuil an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí in ann bearta a aithin a laghdóidh na rioscaí móra a thugtar faoi deara, comhairleoidh an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí sular tosóidh an próiseáil.
6.7 Sáraithe Shonraí Pearsanta
Sainmhíonn an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí ‘sárú shonraí pearsanta’ mar shárú slándáil a chruthaíonn chuig scrios timpisteach nó neamhdhleathach, cailleadh, athrú, nochtadh neamhcheadaithe de, nó rochtain ar shonraí pearsanta tarchurtha, stóráilte nó próiseáilte seachas sin (m.sh. na heachtraí sáruithe is coitianta a thiocfadh tharla ná comhfhreagras ag eisiúint do thríú pháirtí neamhcheadaithe).
Measann an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí cailleadh ar bith de shonraí pearsanta ar pháipéar nó i bhformáid dhigiteach.
Coinníonn an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí prótacal le sáruithe sonraí pearsanta a láimhseáil. Bunaíonn an prótacal seo an modheolaíocht le sárú sonraí pearsanta a láimhséail agus do chuir in iúl an sáruithe don Choimisiún Cosanta Sonraí agus do na daoine is ábhar do sonraí má mheastar go bhfuil gá leis.
6.8 Saoráil Faisnéise
Ceanglaíonn an tAcht um Shaoráil Faisnéise ar an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí faisnéis a fhoilsiú faoina ngníomhaíochtaí agus an fhaisnéis atá ina seilbh acu, lena n-áirítear faisnéis phearsanta, a chur ar fáil do shaoránaigh. Coinneoidh an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí beartas aonarach le comhlíonadh a chinntiú le Shaoráil Faisnéise. Cinnteoidh gnásanna an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí go láimhseáltear iarratais ar shonraí pearsanta go ceart faoi Chosaint Sonraí nó reachtaíocht Shaoráil Faisnéise.
6.9 Rialachas
Déanann an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí monatóireacht ar chomhlíonadh le reachtaíocht chosaint sonraí ábhartha trína struchtúr Ardbhainistíochta. Beidh an POF:
- i dteideal tuarascálacha rialta ón Oifigeach Chosaint Sonraí, lena n-áirítear sáruithe shonraí pearsanta mar chuid de;
- ag déanamh athbhreithniú measúnuithe tionchair na cosanta sonraí agus ceadóidh nó ná ceadóidh dearadh eilimintí cosanta sonraí na dtionscadal;
- ag fiosrú fiosrúcháin maidir le cúinsí chosaint sonraí atá suimiúil nuair is cuí.
7. Freagrachtaí an Oifigeach Cosanta Sonraí
Tá Oifigeach Cosanta Sonraí ainmnithe ag an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí a chuireann Oifigeach an Phríomhfheidhmeannach ar an eolas maidir le gach cúinse a bhaineann le cosaint sonraí. Mar chuid de fhreagrachtaí an Oifigeach Cosanta Sonraí tá seo leanas:
- Ag coinneáil Oifigeach an Phríomhfheidhmeannach suas chun dáta faoi fhreagrachtaí, rioscaí agus ceisteanna cosanta sonraí;
- Ag gníomhú mar urlabhraí ar son cosanta sonraí laistigh den Údarás Rialála Limistéir Mhuirí, lena n-áirítear fógairt agus comhairle a thabhairt don fhoireann faoina ndualgais de réir an RGCS agus reachtaíocht eile um chosaint sonraí;
- Ag measúnú comhlíonadh an reachtaíocht um chosaint sonraí;
- Ag cinntiú go ndéantar na beartais cosanta sonraí go léir a athbhreithniú agus a nuashonrú ar bhonn rialta;
- Ag cinntiú go bhfuil traenáil agus comhairle chuí maidir le cosaint sonraí ar fáil do gach ball foirne;
- Ag tabhairt comhairle nuair a iarrtar í maidir le measúnuithe tionchair ar chosaint sonraí agus monatóireacht a dhéanamh ar na measúnuithe sin le cinntiú go ndéantar iad go caighdeánach;
- Ag tabhairt freagra do dhaoine aonair amhail custaiméirí agus fostaithe a bhfuil fonn orthu a gcearta faoina dhuine is ábhar do sonraí a fheidhmiú;
- Ag cinntiú go ndéantar an Taifead ar Ghníomhaíocht Próiseála a uasdátú go rialta;
- Ag feidhmiú mar phointe teagmhála do, agus ag comhoibriú le, an Coimisinéir Cosanta Sonraí;
- ag déanamh monatóireacht ar phróiseas na gcomhaontaithe próiseála sonraí le tríú pháirtí a chur i bhfeidhm;
- Ag déanamh aon athbhreithniú nó iniúchadh cosanta sonraí nuair is gá nó riachtanach.
8. Freagrachtaí Foirne
Tá freagracht ag gach ball foirne atá ag próiseáil sonraí pearsanta ar son an Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí cloí leis an mBeartas Cosanta Sonraí seo. Cuirtear comhairle sonrach ar fáil maidir le gnásanna cosanta sonraí do bhall foirne trí ríomhphost.
8.1 Oiliúint agus feasacht
Cuirfear oiliúint ar gach ball foirne ar an mbeartas seo. Chomh maith leis sin, cuirtear i gcuimhne go leanúnach ar bhall foirne faoi oibleagáidí cosanta sonraí trí ríomhphoist chuig ball foirne.
8.2 Iarmhairtí easpa comhlíonta
Cuireann an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí an-bhéim ar chomhlíonadh an mbeartais seo. Má theipeann go feasach nó d’aon ghnó ar bhall foirne cloí le haon gnás, d’fhéadfadh an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí machnamh a dhéanamh ar ghníomh faoi Chód Smachtaithe na Seribhíse Sibhialta.
9. Iarratais Rochtain Ábhair
Más maith leat Iarratas Rochtana ar Ábhar a chur isteach líon isteach FOIRM IARRATAIS ROCHTANA AR ÁBHAR agus chuir trí ríomhphost chuig maradataprotection@mara.gov.ie. Nó, seol é trí Phost chuig an seoladh thíos.
10. Ceisteanna faoi Chosaint Sonraí
Tá Oifigeach Cosanta Sonraí an Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí ar fáil le faisnéis agus comhairle a thabhairt do bhall foirne ar gach ábhar a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, sáruithe, agus comhlíonadh le reachtaíocht cuí cosanta sonraí.
Ba chóir do ball an phobail ar mhaith leo tuilleadh faisnéise a iarraidh faoi chosaint sonraí san Údarás Rialála Limistéir Mhuirí teagmháil a dhéanamh le:
Oifigeach Cosanta Sonraí,
an Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí – Aonad Rialacha agus Cumarsáidí
Údarás Rialála Limistéir Mhuirí
2ú Urlár, Teach Menapia,
Páirc Ghnó Dhraighneach,
Draighneach,
Loch Garman,
Y35 RF29
Ríomhphost: maradataprotection@mara.gov.ie
Fón: 053 910 5716