Cad é Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol?

Tá rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol tábhachtach le bheith cinnte go bhfuil eolas agus tuiscint ag ball an phobail ar céard atá ag tarlú sa chomhshaol thart orthu. Cuidíonn sé freisin leis an bpobal le páirt a ghlacadh i gcinntí comhshaoil ar dhóigh eolasach.

Tugann na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol an ceart do shaoránaigh rochtain a fháil ar fhaisnéis chomhshaoil atá i seilbh, nó ar son, an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí agus Údaráis Poiblí eile.

Cad is féidir liom iarraidh?

Is féidir faisnéis chomhshaoil a iarradh a bhfuil á choinneáil ag, nó ar son, an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí. Sainmhínítear faisnéis chomhshaoil sna rialacháin Rochtana ar Fhaisnéis faoin gComhshaol agus cinntíonn sé cad atá ar fáil faoi réir rialacháin an RFC..

Tugann Rialacháin Rochtana ar Fhaisnéis faoin gComhshaol sainmhíniú ar fhaisnéis chomhshaoil agus leagann siad amach an dóigh ar chóir iarratais faisnéise a dhéanamh leis an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí. Is féidir le faisnéis chomhshaoil a bheith coinnithe i bhfoirm ábhair ar bith leictreonach, scríofa, radhairc nó cluas san áireamh.

How do I make an AIE request?

Is féidir leat d’iarratas a chur trí ríomhphost chuig AIE@mara.gov.ie nó scríobh chuig:

Aonad Rochtana ar Fhaisnéis faoin gComhshaol
Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol,
Údarás Rialála an Limistéir Mhuirí,
An Dara hUrlár,
Teach Menapia,
Páirc Ghnó Dhraighní,
Draighneach,
Loch Garman,
Y35 RF29.

De rogha air sin, is féidir leat Foirm Iarratais ar Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol a íoslódáil agus í a sheoladh chuig an nOifigeach Rochtana ar Fhaisnéis faoin gComhshaol trí ríomhphost ag AIE@mara.gov.ie

I do chomhfhreagras ba chóir duit:

  • a chur in iúil go bhfuil d’iarratas á dhéanamh faoi Rialacháin Rochtana ar Fhaisnéis faoin gComhshaol,
  • d’ainm, seoladh agus sonraí teagmhála eile cuí a thabhairt,
  • a bheith chomh sonrach agus is féidir-inis dúinn faoin bhfaisnéis chomhshaol a theastaíonn uait.

Féadfar do shonraí pearsanta a mhalartú le Ranna agus gníomhaireachtaí eile Rialtais i gcúinsí áirithe, nuair is dleathach. Is féidir sonraí iomlána a fháil san Fhógra Príobháideachas Sonraí Rochtana ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, atá ar fáil nó i gcóip crua ar iarraidh.

Cinneadh ar iarratas

D’fhéadfadh cinneadh a bheith i gceist maidir le d’iarratas an fhaisnéis a iarradh a dheonú, a dheonú i bpáirt nó a dhiúltú agus déanfar é a eisiúint a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná mí amháin ón dáta a bhfaighfear d’iarratas. Tá soláthar sna rialacháin leis an tréimhse mí amháin seo a mhéadú faoi coinníollacha áirithe.

Leagann na rialacháin amach cúiseanna éigeantacha agus roghnach le faisnéis a dhiúltú. I ngach cás caithfidh an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí cúiseanna an dhiúltú a shonrú i scríbhinn.

Sa chás go gcoinnítear an fhaisnéis ag údarás poiblí seachas an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí déanfaimid d’iarratas a atreorú go díreach chuig an údarás poiblí cuí nó tabharfaimid comhairle duit faoin údarás poiblí cuí ar chóir d’iarratas a chur chuige.

 

Cad mura bhfuil mé míshásta le cinneadh?

Is féidir athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh a iarraidh má tá d’iarratas ar fhaisnéis chomhshaoil diúltaithe go hiomlán nó go páirteach, nó má chreideann tú nár láimhseálaíodh leis de réir soláthairtí Rialachán Rochtana ar Fhaisnéis faoin gComhshaol. Ba chóir duit an t-iarratas seo d’athbhreithniú inmheánach a dhéanamh laistigh de mhí amháin i ndiaidh duit an cinneadh deiridh a fháil.

Ba chóir iarratais ar athbhreithnithe inmheánacha a chuir isteach chuig:

Aonad Rochtana ar Fhaisnéis faoin gComhshaol
Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol,
Údarás Rialála an Limistéir Mhuirí,
An Dara hUrlár,
Teach Menapia,
Páirc Ghnó Dhraighní,
Draighneach,
Loch Garman,
Y35RF29.

Má tá tú míshásta le toradh an athbhreithnithe inmheánach, is féidir leat iarraidh ar Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil an cás a athbhreithniú. Ní mór duit achomharc a iarraidh ar Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil laistigh de mhí amháin i ndiaidh duit cinneadh an athbhreithniú inmheánach a fháil.

An gcaithfidh mé íoc?

Níl aon táille ann chun iarratas a dhéanamh faoi na Rialacháin Rochtana ar Fhaisnéis faoin gComhshaol. Mar sin féin, ceadaíonn na rialacháin d’údarás poiblí táille réasúnta a ghearradh as costas soláthair na faisnéise comhshaoil.

Tá na táillí seo a leanas curtha ag an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí:

  • Taifid a chuardach, a aisghabháil agus a chóipeáil: €20 in aghaidh na huaire, fótachóip: €0.04 an leathanach

Cuirfear sonraí maidir le haon táille a bhaineann leis in iúl sa litir chinnidh dheiridh. Tabhair faoi deara go bhfuil seans ach nach n-iarrfar aon táille sa chás go meastar gur níos lú ná €100 é an costas.

D’fhéadfadh muid neamhaird a dhéanamh ar tháillí mura bhfuil ach sonraí pearsanta sa taifead agus má, ag féachaint ar acmhainní an iarrthóra, ní bheadh sé réasúnta ceann a chur i bhfeidhm.

Cabhair le hiarratais a dhéanamh

Má tá aon cheist agat, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an nOifigeach Rochtana ar Fhaisnéis faoin gComhshaol trí fhón ag  +353 (0)53 910 5716  nó trí ríomhphost ag AIE@mara.gov.ie

Foilseachán

Foilsíonn an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí gach iarratas neamhphearsanta ar a shuíomh. ar líne. Bunaíodh an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí ar an 17 Iúil 2023 ionas gur féidir le faisnéis a bhaineann leis an bhliain 2023, teacht i láthair i staitisticí 2023 a bheidh foilsithe in 2024.

Féach gach staitistic Rochtana ar Fhaisnéis faoin gComhshaol

Foghlaim tuilleadh

Tá freagracht uileghabhálach beartais ag an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil do Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol in Éirinn. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar a shuíomh;

To top