Imní a léiriú
Imní a léiriú
Má tá buaireamh ar bith agat maidir le gníomhaíochtaí sa Limistéar Muirí, déan athbhreithniú ar na sonraí thíos, sula ndéanann tú aighneacht díreach linn ar an nasc ag bun an leathanaigh seo.
Maidir le buairimh ar bith eile, lena n-áirítear iad a bhaineann le seirbhís, gabh i dteagmháil linn trínár leathanach Teagmháil Linn .
Bainistíonn an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí ceisteanna nó gearáin faoi:
Gníomhaíochtaí a tharlaíonn gan cead ábhartha nó cead ar bith
Tá réimse leathan gníomhaíochtaí ann a bhfuil gá le cead a fháil ón Údarás Rialála Limistéir Mhuirí, is féidir liosta de chuid acu a fháil ar na leathanaigh ábhartha Thoiliú Limistéir Mhuirí & Ceadúnas Úsáide Muirí
Tabhair faoi deara gur féidir go mbeadh gá le pleanáil gníomhaíochtaí ón Údarás Áitiúil nó ón gCoimisiún Pleanála.
Gníomhaíochta a sháraíonn ceadanna reatha
Is féidir leis seo a leanas a bheith san áireamh leis na ceadanna:
- Toiliú Limistéir Mhuirí eisithe ag an tÚadáras Rialála Limistéir Mhuirí. Iarratais a Cinneadh
- Ceadúnas Úsáide Muirí eisithe ag an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí. Iarratais a Cinneadh
- Léas nó Ceadúnas Urthrá Cuireann an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí na toilte seo eisithe roimhe faoi Acht Urthrá de 1933.
- Coinníollacha pleanála a cheadaigh An Coimisiún Pleanála. Cuireann an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí na coinníollacha seo i bhfeidhm. Tabhair faoi deara go gcuirtear pleanáil a cheadaigh údarás pleanála cósta i bhfeidhm ag an údarás áitiúil sin.
Sula gcuirtear Foirm gearáin Chomhlíonadh agus Fhorfheidhmiú isteach chuig an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí:
- Déan cinnte an bhfuil an ghníomhaíocht rialaithe ag an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí?
- Déan cinnte an bhfuil an ghníomhaíocht mar fhreagracht ag gníomhaireacht/roinn eile?
- Déan cinnte an bhfuil Toiliú Limistéir Mhuirí/Ceadúnas Úsáide Muirí de dhíth ag an ngníomhaíocht seo?
- Déan cinnte an bhfuil Thoiliú Limistéir Mhuirí/Ceadúnas Úsáide Muirí /toiliú Gainneamh Mín ag an ngníomhaíocht seo cheana féin?
- Déan cinnte an mbaineann an ghníomhaíocht le húdarás phleanáil chósta?
An dóigh le hábhar buartha a chur in iúl:
- Déan cinnte go bhfuil an méid is mó faisnéise agus is féidir a bheith agat maidir leis an ngníomhaíocht lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do:
- Suíomh
- Cineál Gníomhaíochta
- Sonraí an duine(daoine) atá ag comhlíonadh na gníomhaíochta
- Doiciméid breise a bhfuil íomhánna srl san áireamh. Cineálacha comhad a ghlactar leo: jpg, gif, png, pdf, doc, docx, Uasmhéid comhaid: 32 MB.
- Líon an fhoirm “Ardaigh ceist” ar an nasc thíos